1) Cé mhéad agaibh atá sa bhaile? 2) An bhfuil deartháireacha nó deirfiúracha agat? 3) Ainmnigh do theaghlach. 4) Cén aois iad? 5) Cén duine is sine? 6) An réitíonn tú go maith le do theaghlach? 7) Abair dom faoi do mháthair. 8) Abair dom faoi d’áthair. 9) Déan cur síos ar do thuistí. 10) Cad as duit? 11) Inis dom faoi do cheantar. 12) Céard iad na háiseanna atá ann? 13) Cad atá le déanamh i do cheantar? 14) Cad a dhéanann tú i do cheantar? 15) An maith leat do cheantar? Cén fáth? 16) Cén áit ar mhaith leat a bheith i do chónaí? An maith leat saol na tuaithe? 17) Cad iad na buntáistí a bhaineann le saol na tuaithe? 18) An bhfuil club óige i do cheantar? 19) An bhfuil fadhbanna sóisialta i do cheantar?  20) An mbíonn iompar frithshóisialta ar siúl i do cheantar? 21) An bhfuil peata agat? 22) Cá bhfuair tú é/í? 23) Déan cur síos ar an bpeata. 24) Cén sórt scoile í an scoil seo? 25) Cad a cheapann tú faoin scoil seo? 26) An bhfuil na múinteoirí deas? 27) Cé mhéad scoláire/ múinteoir atá sa scoil? 28) Abair dom faoin múinteoir is fearr leat. 29) Abair dom faoin múinteoir nach maith leat. 30) Conas a thagann tú ar scoil gach lá? 31) Déan cur síos ar an scoil seo. 32) An bhfuil banda leathan agaibh sa scoil? 33) An bhfuil an t-idirlíon ar fud na scoile agaibh? 34) Cé mhéad ábhar a dhéanann tú? 35) Cad iad na hábhair a dhéanann tú? Cad iad na hábhair atá idir láimhe agat? 36) Cad iad na hábhair a thaitníonn leat? 37) Cad iad na hábhair nach dtaitníonn leat? 38) Cén t-ábhar is fearr leat? 39) Cén t-ábhar is fuath leat? 40) An bhfuil aon rialacha sa scoil? 41) Cad a cheapann tú faoina rialacha sa scoil seo? 42) An maith leat an chulaith scoile? Cén fáth? 43) Déan cur síos ar an gculaith scoile. 44) An rud maith é an éide scoile, an dóigh leat? Cén fáth? 45) Inis dom faoi do ghnáthlá scoile. 46) Conas a théann tú ar scoil? 47) Cé mhéad rang a bhíonn agaibh gach lá? 48) Cén t-am a thosnaíonn an scoil? 49) Cén t-am a chríochnaíonn an scoil? 50) Cad a dhéanann tú de ghnáth ag am lóin? 51) An mbaintear úsáid as an teicneolaíocht anseo? 52) An bhfuil seomra ríomhairí anseo? 53) An bhfuil banda leathan agaibh anseo? 54) An bhfuil suíomh idirlín ag an scoil? 55) An bhfuil post páírtaimseartha agat?  56) An raibh post páírtaimseartha agat?  57) An mbeidh post páírtaimseartha agat?  58) Cad ba mhaith leat a dhéanamh tar éis na hArdteiste? 59) Cén seoladh baile atá agat? 60) Déan cur síos ar do theach 61) Cé mhéad seomra codlata atá agaibh? 62) Cá bhfuil do theach suite? 63) An bhfuil seomra leapa aonair agat? 64) Déan cur síos ar do sheomra 65) Déan cur síos ort féin. 66) Cén saghas duine tusa? 67) Cad iad na háiseanna atá agaibh sa scoil? 68) Cad iad na príomhspóirt sa scoil seo? 69) An gcuireann an scoil mórán béime ar chúrsaí spóirt? 70) Ca bhfuil do thuismitheoirí ag obair?

Ginearálta - Mé Féin/ Mo Cheantar/ Mo Theaghlach/ Mo Shaol Ar Scoil

Leaderboard

Visual style

Options

Switch template

Continue editing: ?