1) Cad is ainm duit? 2) Cén aois thú? 3) Cén dáta breithe atá agat? 4) Cén seoladh baile atá agat? 5) Cá bhfuil tú i do chonaí? 6) Cén sort duine tú? 7) Cé mhéad duine atá i do theaghlach? 8) An bhfuil dearthair nó deirfiúir agat? 9) Cén t-ainm atá ar do dhearthair/dheirfiúir? 10) Cén aois atá ag gach duine i do theaghlach? 11) Cé hé/hí an duine is óige sa theaghlach? 12) Cé hé/hí an duine is sine sa theaghlach? 13) An réitíonn tú go maith le do theaghlach? 14) Cad atá a dhéanamh ag gach duine i do theaghlach? An bhfuil siad ag obair/ar scoil/sa choláiste mar shampla. 15) Cén sórt áite í do cheantar? 16) Cá bhfuil do cheantar suite? 17) Cad iad na háiseanna i do cheantar? 18) An bhfuil go leor le déanamh do dhaoine óga sa cheantar? 19) An maith leat do cheantar? Cén fáth? 20) An bhfuil aon áit stáiriúil/suimiúil sa cheantar? 21) Cad is ainm don scoil seo? 22) Cén sórt scoile í? 23) Cé mhéad dalta agus múinteoir atá sa scoil seo? 24) Cad iad na hábhair scoile atá á ndéanamh agat? 25) Cad é an t-ábhar scoile is fearr leat? Cén fáth? 26) An bhfuil aon ábhar scoile nach maith leat? Cén fáth? 27) Inis dom faoi na háiseanna sa scoil seo. 28) An bhfuil aon chlubanna sa scoil? 29) An imríonn tú sport ar scoil? 30) Déan cur síos ar an éide scoile. An maith leat é? 31) An maith leat an scoil? Cén fáth? 32) An imríonn tú spórt? 33) Cén cluichí spórt a imríonn tú? 34) Cén fáth a dtaitníonn an spórt sin leat? 35) Cén áit ar an bpáirc a n-imríonn tú sa spórt sin? 36) Ar bhuaigh tú aon rud riamh? Cad a bhuaigh tú? 37) Céard í an fhoireann spórt is fearr leat? Cén fáth? 38) Cé hé an t-imreoir is fearr leat? Cén fáth? 39) An maith leat a bheith ag féachaint ar an teilifís? 40) Cén sórt clár teilifíse a thatníonn leat? 41) Cad é an clár teilifíse is fearr leat? 42) Déan cur síos ar an gclár teilifíse is fearr leat. Cá bhfuil an clár suite, cé hé/hí an carachtar is fearr leat, cén fáth a dtaitníonn an clár leat. 43) An maith leat dul go dtí an phictiúrlann? 44) Cén sórt scannáin a thaitníonn leat? Cén fáth? 45) Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat? Cén fáth? 46) An maith leat leabhair a léamh? 47) Cén sórt leabhair a léann tú? Cad é an leabhar is fearr leat? 48) An maith leat ceol? Cén saghas? 49) Cé hé/hí an t-amhránaí nó an banna ceol is fearr leat? 50) An seinneann tú uirlis ceol? 51) An imríonn tú cluichí ríomhaire? 52) An úsáideann tú suíomhanna sóisialta? 53) Cén suíomh sóisialta is fearr leat? Cén fáth? 54) Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis na suíomhanna sóisialta?

Obair Cainte: Mé féin, mo theaghlach, mo cheantar, mo shaol ar scoil, caitheamh aimsire.

Leaderboard

Visual style

Options

Switch template

Continue editing: ?